Agus tárla, a núair do sgrios Día caiṫreaċa an réitiġ, gur ċuiṁniġ Día air Abraham, agus gur ċuir sé Lot amaċ as lár a náir, a nuáir do sgrios sé na caiṫreaċa ann a raiḃ Lot na ċóṁnuiḋe.
Cía is críonna, agus tuigfe sé na neiṫese? glic, agus aiṫeona sé íad? óir is díreaċ sliġṫe an TIĠEARNA, agus siuḃoluid na fíréin ionta: aċt tuitfid na ciontuiġ ionta.
Do scrios mé cuid díḃ, aṁuil do scrios Día Sodom agus Gomorrah, agus do ḃáḋḃair aṁuil aiṫinne ar na ṫarruing amaċ as an losgaḋ: ṫairis sin níor ḟilleaḃair ċugamsa, a deir an TIĠEARNA.