10 Iarruiḋ anam an ċiontoiġ olc: ní ḟaġann a ċoṁarsa faḃar ar biṫ iona ṡúiliḃ.
Atá an duine maiṫ grásaṁuil, agus áirleacṫaċ: ceannsoċaiḋ sé a ḃríaṫra le breiṫeaṁnus.
Do spréiḋ sé, ṫug sé do na boċtaiḃ; mairiġ a ḟíréantaċt go síorruiḋe; biáiḋ a aḋarc ar na hárduġaḋ le glóir.
Smuáiniġiḋ se díoṁáoineas air a leabuiḋ; suiġiḋ sé féin ar ṡliġe naċ maiṫ; ní ḋíultann an tolc.
Iárruiḋ na coiriġṫe líonnan: aċt do ḃeir fréaṁ a nfíréin toraḋ.
An té ṫarcuisniġios a ċoṁarsa peacuiġ sé: aċt is beannuiġe an té, do ní trócaire air na boċtaiḃ.
Noċ lúaṫġáiriġios um ḋéanaṁ uilc, agus ḋúiliġios a néigcneasdaċt na cciontaċ;
Giḋ bé ḋuinus a ċlúasa re heiġioṁ na mboċt, coṁaircfiḋ sé féin mar an gcéadna, aċt ní cluinfiġṫear é.
Is féarr áitreaḃ a ccoirnéul a núaċtar an tiġe, ná a ḃfoċair ḃairsiġe mná a dtiġ ḟairsing.
Ná tionnscuin olc a naġaiḋ do ċoṁarsan, ó áitreaḃus sé go suáiṁneaċ láiṁ riot.
Atáid na neiṫesi a nois na néisiompláiriḃ aguinne, ionnus náċ bíaḋ fonn droiċneiṫe orainne, aṁail do ḃí orrṫasan fós.
Oír breiṫeaṁnus gan trócaire, don tí naċ dearnaḋ trócaire; agus do ní an trócaire gáirdeaċas a naġuiḋ an ḃreiṫeaṁnuis.
Oír gaċ ní atá sa tsáoġal, mar atá ainṁían na colla, agus ainṁían na súl, agus úaḃar na beaṫa, ní ó Naṫair atáid síad, aċd is ón tsáoġal atáid.