Anois annsa ċédḃlíaḋain do Ċírus ríġ na Persia, (ċor go ccoiṁlíontaoi bríaṫar an TIĠEARNA le béul Ieremiah), do ċorruiġ an TIĠEARNA súas spiorad Ċírus ríġ na Persia, go ttug fúagra ar feaḋ a rioġaċta, agus gur ċuir fós a scríḃinn é, ġa ráḋ,
Is marso a deir Círus ríġ na Persia, Ṫug an TIĠEARNA Día niṁe ḋaṁsa uile rioġaċta na talṁan; agus do ċur sé do ċúram orm tiġ do ḋéanaṁ ḋó ann Ierusalem, noċ atá an Iúdah.
Agus do ċungṁadar féusta a naráin gan loiḃin seaċt lá maille re gáirdeaċus: óir do rinne an TIĠEARNA sólasaċ íad, agus do iompóiġ sé croiḋe ríġ na Hassíria léo, do neartuġaḋ a láṁ do ḋéanaṁ ṫiġe Dé, Día Israel.
O a ṪIĠEARNA, guiḋim ṫú, bíoḋ do ċlúas a nois aireaċ do ġuiḋe do ṡerohisiġ, agus do ġuiḋe do ṡerḃíseaċ ar a ḃfuil fonn eagla hanma do ḃeiṫ orra: agus soirḃiġ dot ṡerḃiseaċ a niuġ, iarruim daṫċuinġe ort, agus déonuiḋ trócaire ḋó as coinne an duinesi. Oír bá misi giolla cupáin an ríġ.
Agus litir go Asaṗ coiṁéaduiġ foraóise an ríġ, ċor go ttiuḃraḋ sé aḋmad daṁ dá ndéana mé postaḋa do ġeataḋuiḃ an ṗáláis noċ ḃeanus ris an ttiġ, agus do ḃalla na caiṫreaċ, agus don tiġ iona raċa mé a steaċ. Agus daontuiġ an ríġ ḋaṁ, do réir láiṁe ṁaiṫe De orum.
Agus do ġráḋuiġ an ríġ Ester ós cionn na mban uile, agus fuáir sí gean agus grása iona raḋarc tar na maiġdeanuiḃ uile; iondus gur ċuir sé an ċoróin ríoġa ar a ceann, agus go ndéarna sé bainríoġan di a náit Ḃasti.
Agus meastar uile áitreaḃṫuiġ na talṁan aṁuil neiṁní: agus do ní seision do réir a ṫola féin ar ṡlúaġ neiṁe, agus a measc áitreaḃṫaċ na talṁan: agus ní ḟéadann duine ar bioṫ a láṁ do ċosg, nó a ráḋ ris, Cred do ní tú?
Agus do réiḋiġ sé é ó nuile ṫrioblóid, agus tug sé grása agus eagna ḋó a ḃfíaḋnuise Ṗárao rí na Héigipte; noċ do rinne úaċdarán de ar a Néigipt agus ar a ṫiġ féin uile.
Agus do ḋóirt an seiseaḋ aingeal a ṡoiṫeaċ sa naḃuinn ṁóir Euṗrátes; agus do ṫiormuiġ a huisge, ionnus go mbíaḋ an tsliġe réiḋ ag ríoġuiḃ na háirde ṡoir.