Rioṫuiḋsi síos agus súas ar feaḋ ṡráideaḋ Ierusalem, agus féuċuiḋ anois, agus bíoḋ a ḟios agaiḃ, agus íarruiḋ iona háitiḃ fairsionga, an ḃfuiġṫí duine, an ḃfuil neaċ do ní breiṫeaṁnus, íarrus a nfírinne; agus do ḃéara misi maiṫeaṁnus ann.
Mo ṫruáiġe misi! óir atáim aṁail an tan do ċruinniġeadar na tórṫa saṁruiġ, mar ḋioġluim cáor aimsire cnúasuiġ na ttarpán: ní ḃfuil tarpán air bioṫ ré iṫe: atá manam ag íarruiġ an ċéadṫoruiġ abuiḋ.
Dimṫiġ an deaġḋuine seaċad as an ttalaṁ, agus ní ḃfuil áon ionruic a measg na ndaóine: luiġid uile a luiġeaċán air ḟuil; do níḋ gaċ uile ḋuine fíaḋaċ air a ḋearḃraṫair le líon.
Ar a naḋḃarsin a núair do ní tú déirc, mar do ní luċd an ḟúarċráḃaiġ ann sna sionagógaiḃ agus ann sna sraideannaiḃ, do ċum go ḃfuiġidís glóir ó ḋaóiniḃ. Go firinneaċ a deirimsi riḃ, Go ḃfuil a dtúarasdal aca.
Ar seasaṁ don Ṗairisíneaċ do ḃí sé guiḋe mar so leis féin, A Ḋiá, beirim buiḋeaċas riot, naċ ḃfuilim mar atáid dáoine eile, a luċd fuáduiġ, éugcóraċ, aḋaltrannaċ, nó fós mar an bpuibliocánaċsa.
Atáim míċeilliḋe ré déunaṁ mórḋála; is siḃse do ċóiṁéigniḋ mé: oír bá cóir ḋaṁ mo ṁolaḋ uáiḃse: óir ní raiḃ mé a gcáil ar biṫ fáoi an luċd dob áirde do na habsdaluiḃ, bíoḋ naċ ḃfuil éifeaċd ionnam.