5 As cosṁuil coṁairle a ccroiḋe ḋuine re huisge doṁuin; aċt taireonguiḋ duíne tuigseaċ amaċ í.
Spíonuid amaċ éaigceart; coiṁlíonuid cúartuġaḋ diṫċiollaċ: maráon a meaḋon gaċ nduine ar leiṫ, agus re croiḋe doṁain.
Is aṁuil uisgeaḋa doiṁne bríaṫra ḃéil an duine, agus sruṫ ag tuilíuġaḋ tobar fíoruisge na heagna.
Ní ṫreaḃṫuiġ an lorgánaċ do ḃríġ a nfúaċta; uimesin íarrfuiḋ sé déirc san ḃfoġṁar, agus ni bía aoinni aige.
Maóiḋiġ an ċuid is mó do na daoiniḃ a maiṫeas féin gaċ áon aca: aċt cía ġeaḃus duine fírinneaċ?
Oír cía hé an neaċ aga ḃfuil fios na neiṫeann is lé duine, aċd aṁáin ag an spioraid atá sa duine? as mar an gcéudna ní ḃfuil fios na neiṫeann is ré Día ag áoinneaċ, aċd aṁáin ag Spioraid Dé.