4 Ní ṫreaḃṫuiġ an lorgánaċ do ḃríġ a nfúaċta; uimesin íarrfuiḋ sé déirc san ḃfoġṁar, agus ni bía aoinni aige.
An té ċumlas lé laiṁ ṁainneaċtnuiġ ṫig sé ċum boċtuine: aċd do ní láṁ an dúṫraċtaiġ sáiḋḃir.
Bí mían air anam an ċlaḋaire, agus ní ḟaġann aoinní: aċt do ḋéantar anam an dúṫraċtaiġ méiṫ.
Cuiriḋ a nfallsaċt a ccodlaḋ ṫrom; agus fuileonga an tanam díoṁaoin, ocras.
Folċuiḋ an duine leasg a láṁ iona ḃrollaċ, agus ní ṫaḃair sé amaċ í ċum a ḃéil a rís.
As cosṁuil coṁairle a ccroiḋe ḋuine re huisge doṁuin; aċt taireonguiḋ duíne tuigseaċ amaċ í.
Marḃuiḋ mían an duine ḟallsa é féin; óir díultuiġid a láṁa sáoṫruġaḋ.
Marsin tiucfuiḋ do ḃoċtuine mar áon ḃías ar siuḃal, agus do ríaċtanas mar ḋuine armṫa.
Eíriġ a ccionn an tseangáin, a lorgánuiġ; meas a ṡliġe, agus bí críonna:
An té ġéillios don ġaóiṫ ní ṡíolċuirfiḋ sé; agus an té ḃéaras aire do na néulluiḃ, ní ḃainfe sé.