Leis so ar a náḋḃarsin glanfuiġṫear éigceart Iácob; agus isé so uile ṫoraḋ do ċur a ṗeacaiḋ ar ccúll; a núair do ḋéana sé cloċa na haltóra uile aṁuil cloċa cailce noċ ḃristior ó ċéile, ní ṡeasfuid na garráin nó na hioṁáiġe súas.
Aċt is ar son ar loċtne do loiteaḋ é, do brúiġeaḋ é ar son ar cciontaḋne: is airsion do ḃí smaċduġaḋ ar síoṫċána; agus is le na ċneaḋuiḃsion atamaóidne slánuiġṫe.
An tí diomċair ar bpeacuiġne ann a ċorp féin air an gcrann, ionnus air mbeiṫ ḋúinne marḃ do na peacuiġiḃ, go mairfemís do nfíréuntaċd: an tí agár leiġeasaḋ siḃse ré na ċréuċduiḃ.