28 Trocaire agus fírinne ċuṁduiġios an ríġ: agus is lé trócaire connaiṁṫior súas a ċaṫaoir.
Trocaire agus breiṫeaṁnus ċanfas mé: ḋuitse, a ṪIĠEARNA, ċanfas mé salm.
Do ḃríġ go ḃfuil dóiġ an ríġ annsa TTIĠEARNA, agus maille re trócaire an té is ro Airde ní ċorroċṫar é.
Beir breaṫ orum, a ṪIĠEARNA; óir do ṡiuḃail mé an mionnracus: agus fós annsa TIĠEARNA do ḃí mo ḋóiġ; naċ sciorrfa mé:
Ná connuiṁsi úaim a ṪIĠEARNA, do ṫrócaire ċineulta: coiṁéadaḋ hoineaċ gráḋaċ agus ṫfírinne do ġnáṫ mé.
Do ḋéana sé coṁnuiġe ċoiḋċe as coinne Dé: ó ullṁuiġ trócaire agus fírinne, noċ ċoiṁéadfas é.
Is aḋḟúaṫṁaireaċt do ríġṫiḃ olc do ḋéanaṁ: óir daingniġṫear an ċaṫaóir ríoġa lé ionnracus.
Le trócaire agus lé fírinne leasuiġṫear a néagcóir: agus lé heagla an TIĠEARNA seaċnuid daóine an tolc.
An ríġ ḃreaṫnuiġios an boċt go fírínneaċ, daingneoċṫar a ċaṫaóir go bráṫ.
Ná tréigeaḋ trócaire agus fírinne ṫú: ceangail fad ḃráġaid íad; scríoḃ íad ar ċlár do ċroiḋe:
Agus daingneoċar an ċaṫaoir rioġa a ttrócaire: agus suiḋfiḋ sé innte a ḃfírinne a ttabernacuil Ḋáiḃi, ag breaṫnuġaḋ, ag iarruiḋ breiṫeaṁnuis, agus ag deifriuġaḋ an ċeirt.
Isí so an ċíall, a ríġ, agus isé so órduġaḋ an tí is ro Airde, noċ ṫáinic air mo ṫiġearna an ríġ: