Ná bí obann le do ḃéal, agus ná bíoḋ do ċroiḋe lúaṫ do laḃairt éinneiṫe a laṫair Dé: óir atá Día air neaṁ, agus atá tusa air talaṁ: uimesin go má tearc do ḃríaṫra.
Ma ní anum coír, agus go bpeacóċuiḋ sé tré ainḃfios, a neiṫíḃ náoṁta an TIĠEARNA; annsin do ḃéura sé ċum an TIĠEARNA ar son a ṡáruiġṫe, reiṫe gan ċáiḋe as na tréuduiḃ, réir do ṁeassa lé seceluiḃ airgid do réir ṡecel na sanctóra, mar ofráil ṡáruiġṫe:
Giḋ bé ní do ċuáiḋ amaċ as do ḃéul coiṁéadfa tú agus coiṁlíonfa tú é; eaḋon an nofráil ṫoileaṁuil, do réir mar do ṁóidiġ tú dot ṪIĠEARNA Día, noċ do ġeall tú léd ḃéul.
¶ A nuáir ṫiocfas tú go gárruiḋ fíneaṁna do ċoṁarsann, ansin is éidir leaċd cáora fíneaṁna do ṡáiṫ diṫe ar do ṫoil féin; aċd ní ċuirfe tú éinní ann do ṡoiṫeaċ.
Agus is aṁluiġ ḃías, a nuáir ṫiocfaid a naiṫre nó a ndearḃráiṫre do ċasaóid rinne, go naibéoram ríu, Biṫi muinntearḋa ríu air ar soinne: do ċionn nar ṡáḃálamar a ḃean féin dá gaċ nduine annsa ċogaḋ: óir ní siḃsi ṫug ḋóiḃ a nuairsi, as go mbíaḋ siḃ ciontaċ.