Aċt an drong ḟeiṫios air an TTIĠEARNA aṫnúaḋuiġid síad a neart; éreoċuid súas le sciaṫánuiḃ aṁuil iolair; rioṫfaid siad, agus ní ḃéid coirṫe; agus siuḃoluid, agus ní ḃéid síad anḃfann.
Riomsa ḃeanas an dioġaltas, agus an luaġáir; sleiṁneoċuiḋ a ccos na ham féin: oir atá lá a mbuaiḋearṫa a laṫair, agus atáid na neiṫe ṫiucfas orra ag déanaṁ deiṫnis.
An tí, naċ dearnuiḋ anċaint, a naġuiḋ na hanċainte do rinneaḋ air; naċ dearnuiḋ bagair, ag fulang ḋo; aċd tug é féin a láiṁ an tí do ní breiṫeaṁnus go ceart:
Ná déunuiġ olc a naġuiḋ uilc, ná anċaint a naġuiḋ anċainte: aċd go contrárġa ḋó sin, tuguiḋ ḃur mbeannaċd; ar mbeiṫ a ḟeasa aguiḃ gur ċuige so do goireaḋ siḃ, ionnas go ḃfuiġeaḋ siḃ féin beannaċd mar oiġreaċd.
Agus a duḃairt Dáiḃi re na ṁuinntir, Cuirfiḋ gaċ éanduine aguiḃ a ċloiḋeaṁ ṫairis. Agus do ċuir gaċ áon aca a ċloiḋeaṁ ṫairis; agus do ċuir Dáiḃi mar an gcéadna a ċloiḋeaṁ ṫairis: agus do ċuáiḋ súas a ndiáiġ Ḋáiḃi timċioll ceiṫre ċéad fear; agus dfan ḋá ċéad fear ag an stór.