20 Giḋ bé ṁalluiġios a aṫair nó a ṁaṫair, cuirfiġṫear a loċrann as a ndorċadas duḃ.
Díbeorṫar ó ṡolus go dorċadas é, agus taifneoċṫar é as a tsáoġal.
Onoruiġ haṫair agus do ṁaṫair: ionnus go ma fada do laeṫe ar an ttalaṁ noċ do ḃeir an TIĠEARNA do Ḋía ḋuit.
Agus an té ṁalluiġeas a aṫair nó a ṁaṫair, cuirfíṫear go deiṁin ċum báis é.
Gáirdiġiḋ soillsi a nfíréin: aċt cuirfiġear lóċrann an ċionntaiġ as.
Is féidir oiġreaċt dfaġáil go lúaṫ air ttosaċ; aċt ní buḋ beannuiġ a ċríoċsin.
Oír ní ḃía luáiġeaċt ag an ndroċḋuine; cuinfiġear coinneal an ċiontuiġ as.
Bí ginealaċ ann ṁalluiġios a naṫair, agus naċ beannuiġionn a maṫair.
An tsúil do ní magaḋ fa na aṫair, agus ṫarcuisniġios úṁlaċt a ṁaṫar, priocfuid féiċ an ġleanna amaċ í, agus íosuid na hiolair óga í.
¶ Oír gaċ uile ḋuine ṁalluiġeas á aṫair nó a ṁaṫair báiseoċṫar é go deṁin: do ṁalluiġ sé aṫair nó a ṁaṫair; biáiḋ a ḟuil air féin.
Oír tug Día áiṫne, ag raḋ, Onóruiġ haṫair agus do ṁaṫair: agus, Gioḋ bé ṁalluiġeas a aṫair nó a ṁaṫair, cuirṫear ċum báis é.
A duḃairt an rí ré na ġiollaiḋiḃ an tráṫsin, Ar gceangal a ċos agus a láṁ súd, tóguiḋ é, agus teilgiḋ ann sa dorċadus a muiċ é; mar a mbía gul agus gíosgán fíacal.
Agus a duḃradar na hoínṁide an gcuid nglic, Taḃruiḋ ḋúinne cuid da ḃur nola; oír a táid ar lampuiḋene ar ndul as.
Go ma malluiġ an té ṫarcuisniġios a aṫair nó a ṁaṫair. Agus déara an pobal uile, Amén.
Garḃṫonna fairge, sgeiṫeas a náire féin aṁuil ċúḃar; réulta seaċráin, fá ċóṁair a ḃfuil an dorċadas fíorḋorċa dá ṫaisge go síorruiḋe.