A deir tusa, (aċt is briaṫra dioṁáoin íad,) Atá coṁairle agus neart agumsa ċum an ċogaiḋ. Anois cía iona ḃfuil do ḋóṫċus, as a tteíd tú a ccogaḋ ormsa?
Nó cia an rí raċaḋ do ḋéanaṁ coguiḋ a naġaiḋ ríġ eile, naċ suiḋfeaḋ ar tús, do ḋéanaṁ coṁairle nar ḃéidir leis le deiċ míle teagṁáil don té ṫig na aġaiḋ lé fiċṫe míle?
Agus is aṁluiġ ḃí, gaċ uile ḋuine dá ḃfacaiḋ sin go nduḃradar, Naċ deárnaḋ a leiṫeid sin do ġníoṁ agus naċ ḃfacus ón ló fá ttangadár clann Israel amaċ as críċ na Hégipte gus a niuġ: measuiġ sin, gaḃaiḋ coṁaírle, agus laḃruiḋ.
¶ Agus déirġeadar clann Israel, agus do ċúadar súas go tiġ Dé, agus díarradar coṁairle ar Ḋía, agus a duḃradar, Cía haguinn raċus súas ar ttús do ṫroid a naġaiḋ ċloinne Beniamin? agus a duḃairt an TIĠEARNA, Raċaiḋ Iúda ar ttús.
Agus do ċúadar clann Israel súas agus do ġuileadar a laṫair an TIĠEARNA go tráṫnóna, agus díarradar coṁairle ar an TTIĠEARNA, ḋá raḋ, An raċa misi súas a rís ċum caṫa a naġaiḋ ċloinne Beniamin mo ḋearḃraṫair? Agus a duḃairt an TIĠEARNA, Téiġiḋ súas ná aġaiḋ.
Agus do bfearr liom go mbéidis na dáoinesi fáoi mo laiṁse! ann sin do áṫroċuinn Abimeleċ. Agus a duḃairt sé re Habimeleċ, Meúduiġ do ṡluáġ agus tarr amaċ.