14 Neaṁniġ, neaṁniġ é, a deir an ceannuiġe: aċt a nuáir imṫiġios roiṁe, annsin muiḋiġ sé.
Ná gráḋuiḋ ċoḋlaḋ, deagla go ttiucfá ċum boċtaíne; oscáil do ṡúil, agus saiseoċtar le harán ṫú.
Atá ór ann, agus móran do ċloċuiḃ uáisle: aċt is íad bríaṫra a néolus an séud mórluáiġ.
An ḃfuil ní ar biṫ re ar féidir a ráḋ, Féuċ, atá so núaḋ? do ḃí sé ann ċeana ón tseanaimsir, do ḃí roṁuinn.
Ṫáinic an tam, atáid na láeṫe ag teaċt a ḃfogus: ná gáirdiġéaḋ an ceannuiġe, ná caóiġeaḋ an reacaire: óir atá fearg air a iomadaṁlaċt uile.
Gan leaṫrom na méaḃail do ḋéunaṁ déinneaċ air a ḋearḃraṫair: óir do ní Día díoġaltus sna neiṫiḃse uile, do réir mar a duḃramar ċeana riḃ, agus do rinneamar dfíaḋnuisi.