13 Ná gráḋuiḋ ċoḋlaḋ, deagla go ttiucfá ċum boċtaíne; oscáil do ṡúil, agus saiseoċtar le harán ṫú.
An té ċumlas lé laiṁ ṁainneaċtnuiġ ṫig sé ċum boċtuine: aċd do ní láṁ an dúṫraċtaiġ sáiḋḃir.
An té ṡáoṫruiġios a ḟéarann sáiseoċṫar lé harán é: aċt an té leanas daóine díoṁaóine atá sé gan tuigsi.
Bí mían air anam an ċlaḋaire, agus ní ḟaġann aoinní: aċt do ḋéantar anam an dúṫraċtaiġ méiṫ.
Cuiriḋ a nfallsaċt a ccodlaḋ ṫrom; agus fuileonga an tanam díoṁaoin, ocras.
Neaṁniġ, neaṁniġ é, a deir an ceannuiġe: aċt a nuáir imṫiġios roiṁe, annsin muiḋiġ sé.
An té ṡáoṫruiġios a ḟearann biáiḋ fairsinge aráin aige: aċt an té leanas a ndiáiġ ḋáoine díoṁaóin do ġeaḃa sé boċtuine go lór.
Eírġiḋ sí fós súil éirġios an lá, agus do ḃeir sí bíaḋ dá muinntir, agus coṁroinn dá cailíniḃ.
Annsin ṫainic maiġistir na luinge ċuige, agus a duḃairt sé ris, Cred is cíall duitsi, a ċodaltaiġ? éiriġ, goir air do Ḋía, a ndóiġ go smuáinteoċaḋ Día oruinne, naċ báiḋtí sinn.
Ná bíġiḋ leisgeaṁuil a ngnoṫuiġiḃ; Bíġiḋ ar fiuċaḋ ann ḃur spioraid; ag déanaṁ seirḃísi don Tiġearna;
Agus sin, ré meas na haimsire, gur miṫiḋ ḋúinn a nois músglaḋ ó ċodlaḋ: óir is goire ḋúinn a nois ar slanuġaḋ na a nuáir do ċreideamar.
Músgluiḋ ċum firéuntaċda, agus na déunaiḋ peacaḋ; óir ní ḃfuil éolus Dé ag cuid aguiḃ: as ċum aḋnáire do ċur oraiḃ a deirim so.
Uime sin a deir sé, Músguil a ḋuine átá ad ċodlaḋ, agus éiriġ ó na ṁarḃuiḃ, agus do ḃéura Críosd solas duit.
Oír fós an tan ḃámar eadruiḃ, do áiṫneamar só ḋíḃ, eaḋon má atá aóinneaċ ris náċ áill obair do ḋéunaṁ, ná híṫeaḋ bíaḋ mar an gcéudna.