12 Isé an TIĠEARNA do rinne aráon, an ċluas ċluinteaċ, agus an tsúil ḟaicsionaċ.
Fosguil mo ṡúile, agus do ċífid neiṫe iongantaċa as do ḋliġṫiḃ.
An té ṡuiġios an ċlúas, naċ ccluinfe sé? an té ċumas an tsúil, naċ ḃfáicfiḋ sé?
Agus a duḃairt an TIĠEARNA ris, Cía rinne béul an duine, nó cía ní an balḃ, nó an boḋar, nó an té do ċí, nó an dall? Naċ misi an TIĠEARNA?
Aṁuil clúasḟáinne óir, agus aṁuil córuġaḋ dór ġlan, marsin ḃíos an taiṫḃioraċ glic ar ċlúais uṁail.
Agus annsa ló sin cluinfiḋ an boḋar briaṫra an leaḃair, agus do ċífid súile an daill amaċ as an dorċaċd, agus an daille.
Ċum a súl dosglaḋ, agus ċum a ḃfillte ó ḋorċadus ċum an tsolais, agus ó ċúṁaċdaiḃ Ṡatáin ċum Dé, ċum maiṫfeaċais na bpeacaḋ dfáġáil dóiḃ, agus oiḋreaċda a measg na muinntire atá ar na náoṁaḋ tré ċreideaṁ ionnamsa.
Dá mbíaḋ an corp uile na ṡúil, cá háit a mbíaḋ an téisdeaċd? Dá mbíaḋ sé uile na éisdeaċd, cá háit a mbíaḋ an boltanus?