Agus a nuáir do ġoír Dáiḃi air, duáiġ sé agus diḃ sé iona ḟíaḋnuise; agus do ċuir sé ar meisge é: agus tráṫnóna do ċuáiḋ amaċ do luiġ air a leabuiḋ a ḃfoċair ṡerḃiseaċ a ṫiġearna, agus ní ḋeaċaiḋ síos dá ṫiġ féin.
¶ Anois do aiṫin Absolon da ṡearḃḟoġantaiġiḃ, ġa ráḋ, Coṁarṫuiġ anois a nuáir ḃías croiḋe Amnon súgaċ o ḟíon, agus a nuáir a déara misi riḃ, Buaíliġ Amnon; annsin marḃuiḋ é, ná bíoḋ eagla oruiḃ: naċ ar áiṫin misi ḋiḃ é? bíġi curata, agus bíġi beóḋa.
¶ Aċt do ṡeaċránadarsan fós tré ḟíon, agus tré ḋiġ láidir atáid as a tsliġe; do ṡeaċráin an sagart agus an fáiġ tré ḋiġ láidir, do sluigeaḋ súas íad lé fíon, atáid as a tsliġe tré ḋiġ láidir; seaċránuid a bfis, oilḃéimid a mbreiṫeaṁnus.
Tigiḋ uáiḃ, a deirid síad, do ḃéara misi fíon líom, agus líonfam sinn féin lé díġ láidir; agus biáiḋ a máraċ mar an ló a niuġ, agus ní sa ro ḟairsinge.
Ná hiḃiḋ fíon nó deoċ ládir, ṫusa, nó do ṁic maille leaċd, a nuáir raċtáoi go tabérnacuil an ċoṁċruinniġṫe, deagla go ḃfuiġeaḋ siḃ bás: biáiḋ sin na reaċd go bráṫ ar feaḋ ḃur ngeinealaċ:
¶ Fós mar an ccéadna, do ḃríġ go cciontuiġionn sé le fíon, is duine úaiḃreaċ é, ní mó ḟanas sé annsa ḃaile, noċ ḟoirleaṫnuiġios a ṁían mar itrionn, agus go ḃfuil mar an mbás, agus naċ ḟéidir a ṡásaḋ, aċt go cruinniġionn sé ċuige gaċ uile ċineaḋ, agus go ccárnann sé a nuile ṗobal ċuige:
Tnúṫ, dúnṁarḃaḋ, meisge, cráos, agus a saṁail sin: ar a laḃruim riḃ roiṁ láiṁ, aṁuil do innis mé ḋáoiḃ roiṁe, naċ ḃfuiġe an drung do ní a saṁail so óiġreaċda rioġaċda Dé.