7 Do ní sé stór gliocuis iomláin do nfíréun: bí sé na scéiṫ don druing ṡuḃluiġios go hionnraic.
Níor ṡaltradar coiléin an leoṁaín air, nior ġaḃ an leoṁan borb láiṁ ris.
Mo ṫrócaire, agus mo ḋaingionn; mo ḋídion, agus mfear sáorṫa, mo sgiaṫ, agus an té ann a gcuirim mo ḋóiġ; noċ uṁluiġios mo ḋaóine fúm.
Déiġios ċum an TIĠEARNA lem ġuṫ, agus do ċúaluiḋ sé mé amaċ as a ċnoc náoṁṫa. Selah.
Oír is grían agus scíaṫ an TIĠEARNA Día: do ḃéaraiḋ an TIĠEARNA grása agus glóir: ní ċuinneoċaiḋ sé maiṫ ón luċd do ṡiuḃlus go díreaċ.
Isé gliocas a neagnuiḋe a ṡliġe do ṫuigsin: aċt is cluáin leiṁe na namadán.
Giḋ be ṡiúḃluiġios go fíréanta biaiḋ sé sáor: aċt an té ḃíos urċóideaċ iona ṡliġṫiḃ tuitfe sé a néinḟeaċt.
Is fíorġlan gaċ uile ḃríaṫar Dé: is sciaṫ é don ṁéid ċuirios a ndóiġ ann.
Is leamsa coṁairle, agus eagna iomlán: agus is misi an tuigsi; agus is liom neart.
Oír atá sgríoḃṫa, Sgriosfaiḋ mé eagna na ndáoineaḋ eagnaiġe, agus cuirfiḋ mé ar gcúl tuigse na ndáoineaḋ dtuigsionaċ.
Aċd don druing atá ar na ngairm, eídir Iúdaiġe agus Ġréugaċ, Críosd cúṁaċd Dé, agus eagna Dé.
Aċd as úaḋasan atá siḃse a Niósa Críosd, noċ atá ar na ḋéunaṁ ó Ḋía ḋúinne na eagna, agus na ḟíréuntaċd, agus na náoṁṫaċd, agus na ḟúasglaḋ:
Ann a ḃfuilid na huile ionnṁusa eagna agus éolais folaiġe.