Féaċ, do rinne mé do réir ṫfocail: féaċ, ṫug mé ḋuit croiḋe glic tuigseaċ; iondus naċ raiḃ éanduine cosṁuil riot roṁad, ni mó éireoċus éanduine ad ḋiáiġ buḋ cosṁuil riot.
Taḃair ar a naḋḃarsin dot ṡearḃḟoġantuiġ croiḋe tuigseaċ do ḋéanaṁ breiṫeaṁnuis air do ṗobail, ċor go ttuigfe mé eidir an maiṫ agus an tolc: óir cía ḟeadas breiṫeaṁnus do ḋéanaṁ air do ṗobalsa atá coṁmór so?
Agus ṫúsa, Esra, do réir ġliocuis do Ḋé, noċ atá ad láiṁsi, cuir úaċdaráin agus breiṫeaṁuin, noċ ḋéanas breiṫeaṁnus do nuile ṗobal atá taoḃ ṫall do naḃuinn, an ṁéid agá ḃfuil fios dliġe do Ḋése; agus múinsi an ṁéid dá naċ fios é.
¶ Agus do ċuir mo Ḋíasa ann mo ċroiḋe na huáisle do ċruinniuġaḋ a gcionn a ċéile, agus na huaċdaráin, agus an pobal, ċor go náireoṁṫaoi íad le na nginealaċ. Agus fuáir mé leaḃar ginealuiġ na méide ṫáinig a níos a ċéad uáir, agus fuáir mé scríoḃṫa annsin,
Oír do ḃeir Día don duine an ní is maiṫ iona raḋarc eagna, agus éolus, agus sólás: aċt don ṗeacaċ do ḃeir sé sáoṫar, do ċruinniuġaḋ agus do ċur ar muin a ċéile, ċor go ttiuḃraḋ don té is maiṫ a ḃfiaḋnuise Dé. Is díoṁaóineas so fós agus buáiḋreaḋ spioraide.
¶ Ar son an ċeaṫrair leanaḃ so, ṫug Día éolus agus ġocus dóiḃ annsa nuile ḟóġluim agus eagna: agus do ḃí tuigsi ag Dániel annsna huile fiosiḃ agus aislingiḃ.
Agus áṫruiġiḋ sé na haimseara agus na huáine: áṫruiġiḋ sé ríġṫe, agus cuiriḋ sé ríġṫe súas: do ḃeir sé eagna do na daóiniḃ glioca, agus eólus don ṁéid aiṫniġios tuigsi:
Buiḋeaċus uáim ḋuit, agus moluim ṫú, a Ḋé maiṫreaḋ, noċ ṫug eagna agus cuṁaċda ḋaṁ, agus dfoillsiġ ḋaṁ anois an ní diarramar ort: óir anois dfoillsiġ tú ḋúinn cúis an ríġ.
Agus má atá aóinneaċ aguiḃ a neasḃuiḃ éagua, íarruiḋ í air Ḋía, noċ do ḃeir go fairsing úaḋ do na huiliḃ, agus naċ déun maóiḋeaṁ; agus do ḃéurṫar ḋo í.