Atá áon aṁain ann, agus ní ḃfuil a leiṫéid eile; ni ḃfuil fós leanaḃ nó dearḃraṫair aige: giḋeaḋ ní ḃí críoċ air a ṡaoṫar eile; agus ní ṡástar a ṡúil ré saiḋḃrios; ní mo a deir sé, Cía ḋá ḃfuilim ag sáoṫruġaḋ, agus dá seaċnuim manam ar ṁaiṫ? Is díoṁaóineas so fós, agus, is droċṡáoṫar é.
Mar an gcéudna, is cosṁail rioġaċd neiṁe lé cisde ar na ḟolaċ a ḃfearann; noċ tar éis a ḟaġála, do ḟoluiġ duine, agus tríd an ngáirdeaċus do ḃí air ar a ṡon imṫiġiḋ sé agus reacaiḋ sé a ḃfuil aige uile, agus ceannuiḋe sé an fearannsin.
Agus giḋ bé neaċ do ṫréig tiġṫe, nó dearḃráiṫreaċa, nó deirḃṡeaṫraċa, nó aṫair, nó maṫair, nó bean, nó clan, nó dúṫuiḋ ar son manmasa, do ġeaḃa sé a ċead oirid, agus an ḃeaṫa ṁarṫanaċ mar oiḋreaċd.