¶ Mar sin déug Saul ar son a ṗeacaiḋ, noċ do rinne sé a naġaiḋ an TIĠEARNA, eaḋon a naġaiḋ ḃreiṫre an TIĠEARNA, nar coiṁéad sé, agus mar an ccéadna do ċionn coṁairle díarruiḋ ar aon agá raiḃ leannán síṫe, dfíafruiġe ḋé;
Ní ċoigeola an TIĠEARNA eision, aċd annsin lasfuiḋ fearg an TIĠEARNA agus a éud a naġaiḋ an duinesin, agus luiġfid na mallaċda atá scríoḃṫa san leaḃarso uilé air, agus scriosfuiḋ an TIĠEARNA a ainm ó ḃeiṫ faói neaṁ.
Agus cuirfiḋ an TIĠEARNA do Ḋía na fineaḋaċaso amaċ roṁad air ḃeagán agus air ḃeagán: ní scriosfa tú a néinḟeaċd íad, deagla go ḃfásfaḋ beaṫuiġ an ṁaċaire ort.