21 Oír coiṁneoċuiḋ an tionnraic annsa dúṫaiġ, agus buáineoċuiḋ an duine iomlán innte.
Do ḃí duine a ḃfearann Hus, dar ḃainm Iób; agus do ḃí an fear sin iomlán agus díreaċ, agus neaċ air a raiḃ eagla Dé, agus do ṡeaċuin olc.
Marsin do ḃeannuiġ an TIĠEARNA críoċ ḋeiriḋ Iób ní is mó ná a ṫosaċ: óir do ḃí ceiṫre ṁíle ḋéug cáora aige, agus sé ṁile cáṁall, agus mile cuing ḋaṁ, agus míle assal bainionn.
Aċt géuḃuid na ceansuiġṫe oiġreaċd a nfearuinn; agus biáiḋ a ndúil a niomad na síoṫċána.
As aiṫne don TIĠEARNA láeṫe na ndíreaċ: agus biáiḋ a noiġreaċd go síorruiḋe.
Oír an ṁéid atá ar na mbeannuġaḋ uaḋsan géaḃuid oiġreaċd na talṁan; agus an luċd do ṁalluiġ sé gearrfar amaċ íad.
Géaḃaid na daoine fíréunta oiġreaċd a nfeáruinn, agus áitreoḃuid ann go síorruiḋe.
Cuir do ḋóiġ annsa TIĠEARNA, agus déan maiṫ; áitreiḃiġ tú annsa dúiṫċe, agus beaṫóċar ṫú go deiṁin.
Oír gearrfuiġṫear amaċ luċd déanta na héagcóra: agus luċd feiṫṁe air an TTIĠEARNA, ġeaḃuid óiġreaċd a nfearuinn.
Oír is grían agus scíaṫ an TIĠEARNA Día: do ḃéaraiḋ an TIĠEARNA grása agus glóir: ní ċuinneoċaiḋ sé maiṫ ón luċd do ṡiuḃlus go díreaċ.
Ní corroċṫar an fíréan ċoiḋċe: aċt ní áitreoḃuiḋ an ciontaċ an talaṁ.
Giḋ bé ḃéaras air an ḃfíréun seaċrán do ḋéanaṁ a ndroiċṡliġe, tuitfiḋ sé féin iona ṗoll: aċt biáiḋ neiṫe maiṫe a seilḃ an díriġ.