20 Go maḋ héidir léatsa imṫeaċt a sliġṫiḃ na ndaoine maiṫ, agus coiscéime na ḃfíréun do ċoiṁéad.
Imṫiġiḋ uáim, siḃsi a luċt déanta uilc: agus coiṁéadfad aiṫeanta mo Ḋé.
Atáim am ċompánaċ ag gaċ aon ar a ḃfuil heagla, agus do luċt coiṁéada haiṫeanta.
An té ṡiuḃluiġios le daóiniḃ críonna biáiḋ sé críonna: aċt scriosfuiġṫear compánaċ na namadán.
Do ṁúin mé ṫú a sliġe an ġliocuis; do ṫréoruiġ mé ṫú a gcasánaiḃ díreaċa.
Aċt bí slíġe a nfíréin aṁuil solus lonnraċ, noċ ṡoillsiġios ní sa ṁó agus nísa ṁó go nuige an lá iomlán.
Tréoruiġim a sliġe a nionnracuis, a meaḋon ċasán an ḃreiṫeaṁnuis:
Is marso a deir an TIĠEARNA, Seasuiḋ annsna sliġṫiḃ, agus féuċuiḋ, agus íarruiḋ na seanċasáin, cáit a ḃfuil an tsliġe ṁaiṫ, agus siuḃluiġiḋ innte, agus do ġeaḃṫaói suáiṁneas da ḃur nanam. Aċt a dúḃradarsan, Ní ṡíuḃoluimne innte.
Ionnas náċ mbiáḋ siḃ lesgeaṁuil, aċd ḃur luċd leanṁana ag an druing agá ḃfuil oiġreaċd na ngeallaṁnaċ tré ċreideaṁ agus tré ḟoiġid.
A ḋearḃráṫair ġráḋuiġ, na lean don nolc, aċd don ṁaiṫ. An tí do ní an ṁaiṫ is ó Ḋía atá sé: aċd an tí do ní an tolc ni ḟacuiḋ sé Día.