Ni haiṫnid dóiḃ sliġe na síoṫċána; agus ni ḃfuil breiṫeaṁnus ar biṫ iona nimṫeaċduiḃ: do rinneadar ḋóiḃ féin sliġṫe cama: giḋ bé ṫéid annsin ní ḃía fios síoṫċána aige.
Uime sin a duḃairt Iósa ríu, Atá an solus ḃur measg fós ar feaḋ tamuill ḃig. Siuḃlaiḋ an feaḋ ḃías an solus aguiḃ, deagla go mbéuraḋ an dorċadus, oruiḃ: Oír giḋ bé ṡioḃlus ann sa dorċadus, ní feas do gá háit a ngaḃann sé.
Do ḃríġ, ar naiṫniuġaḋ Dé ḋoiḃ, naċ rugadar buiḋeaċus ris; aċd gur líonadar do ḋioṁáoineas ann a smuáintiġiḃ, agus gur dallaḋ a gcroiḋe neaṁṫuigsionaċ.
Do ċúadar amaċ as ar measgne, oir ní raḃadar ḋínn: óir dá mbéidís dínn, dfanfaidís go deiṁin má ráon rinn: aċd dimṫiġeadar uainn, ionnus go maḋ follas naċ dínne íad uile.