Do ḃríġ go ndéarnaḃair croiḋe na ḃfíréun duḃaċ lé bréagaiḃ, naċ déarna misi duḃaċ; agus gur neartniġeaḃair láṁa an ċiontuiġ, go naċ ḃfillfeaḋ sé ó na ḋroiċṡliġe, lé geallaṁuin a anma ḋó:
Agus daiṫin an ríġ, agus ṫugadar leó an drong sin do rinne casaoid ar Ḋániel, agus do ṫeilgiodar a nuáiṁ na leoṁan íad, íad fein, a mná, agus a cclann; agus rugadar na leoṁuin buáiḋ orra, agus do ḃrisiodar na ccotċaiḃ a ccnáṁa suil rangadar íoċdar na húaṁa.
Agus do gaḃaḋ an tainṁiḋe, agus na fáiḋ fallsa maille ris noċ do rinne míorḃuileaḋ na ḟíaḋnuise, léur ṁeall sé an dream do ġaḃ coṁarṫa a nainṁiḋe ċuca, agus tug onóir ḋá ioṁáiġ. Agus do teilgeaḋ íad ar áon beó a loċ teineaḋ ar dearglasaḋ lé ruiḃ.
Aċd do ġeaḃuid na daóine meata, agus díċreidṁeaċa, agus gráineaṁla, agus luċd dúnṁarḃṫa, agus aḋaltrannuis, agus na bpiséog, agus a nioḋalaḋruiġ, agus a nuile ḃréugaire, a gcuid sa loċ atá ar dearglasaḋ do ṫeine agus do ruiḃ: noċ is dara bás ann.
Oír don táoḃ amuiġ béid na madruiġ, agus luċd na bpiseóg, agus a naḋaltrannuis, agus an dúnṁarḃṫa, agus a nioḋalaḋruiġ, agus gaċ neaċ ġráḋuiġeas agus do ní an ḃréug.