Agus abruiḋsi ós a ċionn sin, Féuċ, atá do ṡerḃíseaċ Iácob ar ndíaiġ. Oir a duḃairt, Ceinnseoċuiḋ mé é leis an mbronntanas raċas roṁam, agus na ḋiáiġ sin do ċífe mé a ġnúis; do bféidir go ngéuḃaḋ sé mo ġnúis ċuige.
Agus dob é Ióseṗ dob uaċdarán ós cionn na tíre uile, agus is eision do reacaḋ ré daoiniḃ na tíre úile agus tangadar dearḃráiṫre Ióseṗ, agus do uṁluiġéadur íad féin sios dá laṫair lé na naigṫiḃ go talaṁ.
Agus do ġlacadur na fir na tioḋlaicṫe, agus do ġlacadar airgead dúbulta na láiṁ, agus Beniamin; agus do éirġeadur súas, agus do ċuadar síos do Négipt, agus tangadur a laṫair Ióseṗ.
Agus ar ndul a steaċ don tiġ, fúaradar an náoiḋe a ḃfoċair a ṁarṫar Muire, agus ag tuitiom síos, do onóruiġeadar é: agus an nosglaḋ a gcisdeaġ, ṫugadar tioḋluicṫe ḋó: ór, agus túis agus mirr.