Agus an fad do ḃí sé fós ag coṁráḋ ríu, féuċ, ṫáinic an teaċdaire a núas ċuige: agus duḃairt seision, Féuċ, is ón TIĠEARNA ṫig an tólesa; cred fá mbéinnsí ag feiṫioṁ ar an TTIĠEARNA ni as faide?
Bí ad ṫoċt don TIĠEARNA, agus déan feiṫioṁ, foiġideaċ air: ná fearguiḋ ṫú féin ris an té ḃíos sona iona ṡliġe, ris an tí noċ ċrioċnuiġios a ḋroċ smuáintiġ.
Oír laiḃeoruiḋ an tamadán amadánaċd, agus oibreoċuiḋ a ċroiḋe éaigceart, do ġnáṫuġaḋ fúarċráḃuiḋ, agus do laḃairt earráide a naḋuiġ an TIĠEARNA, do ḋéanaṁ anma a nocraiġ folaṁ, agus do ḃéara ar ḋiġ an tartṁair failliuġaḋ.
Agus a duḃairt Samuel re Saul, Do rinne tú so go leaṁ: agus níor ċoiṁéad tú aiṫne do ṪIĠEARNA Dé, noċ do aiṫin sé ḋíot: óir anois do ḋaingneoċaḋ an TIĠEARNA do rioġaċd air Israel go bráṫ.
Oír ionann dul an neasurramaċd agus peacaḋ piseóguiġ, agus easuṁla ionnán agus éaigceart agus ioḋaláḋraḋ. Do ċionn gur ṫarcuisniġ tú focal an TIĠEARNA, do ṫarcuisniġ seision ṫusa mar an gcéadna ó ḃeiṫ ad ríġ.