Agus a duḃairt Ionadab ris, Luiḋ síos ar do leabuiḋ, léig ort féin ḃeiṫ tinn: agus a nuáir ṫiocfas haṫair dot ḟéaċuin, abair ris, Guiḋim ṫú, tigeaḋ mo ḋeirḃṡíur Támar, agus túgaḋ sí bíaḋ ḋaṁ, agus deasuiġeaḋ sí an bíaḋ am raḋarc féin, ċor go ḃfaicinn, agus go niṫinn é as a láiṁ.
Agus do laḃradar na daóine óga tugaḋ súas na ḟoċair, ġa ráḋ, Mar so ḟreagorus tú an pobal do laḃair riot, ġa ráḋ, Do rinne haṫair ar ccuing trom, aċt déanasa nios éadruime ḋúinn í; marso a déarus tú riú, Buḋ raiṁe mo ṁéur beagsa ná slíasta maṫar.
Uimesin ná héistiġsi re ḃur ḃfaiġiḃ, nó re ḃur ḃfáistineaċaiḃ, nó ré ḃur naislingṫeaċaiḃ, nó ré ḃur ndraóiṫiḃ, nó ré ḃur ngeasadóiriḃ, laḃrus riḃ, ġá ráḋ, Ní ḟoiġeontuiḋe do ríġ na Babilóine:
Agus a duḃairt sé ríu, Taḃruiḋ dá ḃur naire créd é an ní úd ċluintí: giḋ bé miosúr an a dtoiṁeósdáoi, toiṁeósdar ċugaiḃ é: agus do ḃeurṫar tuilleaḋ ḋáoiḃsi atá ag éisdeaċd.
Ionnus naċ beimís ó so amaċ ar leanbuiḃ, dár mbogaḋ agus dár nglúasaċd, fa gcuáirt ré gaċ uile ṡuinnéun teaguísg, ré cleasraḋ dáoineaḋ, agus ris an ngliocas ceilge, an a mbíd ag luiġeaċan ċum mealltóireaċd;
As aiṫniḋ ḋaṁ hoibreaċa, agus do ṡáoṫar, agus ṫfoiġid, agus náċ éidir leaċd iomċar ris na droċḋáoiniḃ: agus gur ḋearḃ tú an dream a deir gur ab apsduil íad féin, agus naċ eaḋ, agus fuáir tú breúgaċ íad: