26 An té ṁillios a aṫair, agus ḋíbrios a ṁaṫair, is mac ṫuillios náire é, agus do ḃeir scannail.
Seanraiḋte Ṡoluiṁ. Do ní mac críonna aṫair sólásaċ: aċt sé an mac leaṁ duḃaċus a ṁáṫair.
An té ċruinniġios annsa tsáṁraḋ mac críonna é: aċt an té ċoḋlas annsa ḃfóġṁar is mac do ġeiḃ náire é.
Bíaiḋ ríaġuil ag an tseirḃíseaċ ċrionna ós cionn an ṁic ṫuillios náire, agus biáiḋ cuid do noiġreaċt aige a measg na ndearḃráiṫreaċ.
Is dóḃrón do naṫair mac oinṁideaċ, agus searḃus é don ṁnaói rug é.
Scuir, a ṁic, déisteaċd an teagaisg ḃus cúis ṡeaċráin ó ḃríaṫruiḃ a neóluis.
Is sona an té air a mbí úaṁan do ġnáṫ: aċt an té ċruáiḋiġios a ċroiḋe tuitfiḋ sé a ttubaisde.
Giḋ be ṡladas a aṫair nó a ṁaṫair, agus a deir, Ní peacaḋ é; is compánaċ do ṡladuiġe an té sin.
Giḋ bé ċoiṁéadas an dliġeaḋ is mac glic é: aċt an té is companaċ do ḋaóiniḃ cráosaċa náiriġiḋ sé a aṫair.
Bí ginealaċ ann ṁalluiġios a naṫair, agus naċ beannuiġionn a maṫair.
An tsúil do ní magaḋ fa na aṫair, agus ṫarcuisniġios úṁlaċt a ṁaṫar, priocfuid féiċ an ġleanna amaċ í, agus íosuid na hiolair óga í.
Aċd an tan ṫáinic an macsa agad, do ṡlug do ṁaóin a ḃfoċair ṁeirdreaċ, do ṁarḃ tú an láoġ bíaḋta ḋo.