25 Buáil an tarcuisneaċ, agus do ḃéara an simpliḋeaċ aire: agus iomaiṫḃír an té agá mbí tuigsi, agus tuigfiḋ sé éolus.
Buaileaḋ an fíreun mé; buḋ cineul ḋaṁ sin: fós imḋeargaḋ sé mé; buḋ ola mórlúaiġe sin, naċ brisfiḋ mo ċeann: biáiḋ fós mo ġuiḋe léo iona nanacair.
Eístfiḋ an duine críonna, agus méideoċuiḋ sé foġluim; agus tiucfa duine tuicsionaċ ċum coṁairleaċ críonna:
Tarcuisniġ amadán teagasg ón aṫair: aċt is eagnuiḋe an té ḃeir aire do smaċt.
Is mó ṫéid aċṁusán a steaċ a nduine ċríonna na céad buille ann amadán.
A nuáir smaċtuiġṫear an tarcuisneaċ, do niṫear duine críonna don tsimpliḋeaċ: agus a nuáir ṫeagaisgṫear an duine críonna, gaḃuiḋ sé éolus.
An té aiṫḃióras tarcuisneaċ do ġeiḃ sé naire ḋó féin: agus an té ċronuiġios droċḋuine do ġeiḃ sé toiḃeim ḋó féin.
Agus cluinfid Israel uile sin, agus biáiḋ eagla orra, agus ní déanuid ní ḃus mó éanċoir mar a nolcsa ḃur measc.
Agus cloċfuid lúċd a ċaiṫreaċ uile é lé cloċuiḃ, nó go raiḃ marḃ: mar sin ċuirfeas tú an tolc ar gcúl uáit; agus cluinfiḋ Israel uile sin, agus biáiḋ eagla orra.
An ṁéid is ionṁuin leamsa, cronuiġim agus smaċduiġim íad: uime sin bíoḋ teasġráḋ agad, agus déun aiṫriġe.