Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Seanraite 19:23 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

23 Tríalluiḋ eagla an TIĠEARNA ċum beaṫa: agus an té agá mbí sin anfuiḋ sé sásta; ní ṫiocfuiġṫior ċuige le holc.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Seanraite 19:23
28 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Aċt atá trócaire an TIĠEARNA ó ṡíorruiḋeaċt go síorruiḋeaċt air an luċt air a ḃfuil a eagla, agus a ḟíréuntaċd do ṁacaiḃ mac;


Atá eagla an TIĠEARNA glan, ag marṫuin ċoiḋċe: is fírinneaċ breiṫeaṁnusa an TIĠEARNA agus ceart go hiomlán.


Aitreoḃuiḋ a anum a maiṫ; agus biaiḋ oiḋreaċt na dúiṫċe aga ċloinn.


Atá a ṡlánuġaḋ go deiṁin a ngar don luċt air a ḃfuil a eagla; go náitriġioḋ glóir ann ar ndúiṫċe.


Sásaiḋ sinn go moċ red ṫrócaire; agus do ḋéanam lúaṫġáire agus gáirdeaċus air feaḋ ar sáoġail.


Ní ḃeanfa áonolc riot, agus ní ṫiucfa an ṗláiġ a ccoṁġar dot ṗáillíun.


Do ḋéanad a ríar le fad laéṫeaḋ, agus foillseoċad mo ṡlánuġaḋ ḋó.


Cuiriḋ eagla an TIĠEARNA fad ar na láeṫiḃ: aċt géarrfuiġear blíaḋna an droċḋuine.


Aṁail ċéimniġios fíréantaċt ċum beaṫa: mairsin an té leanas an tolc leanuiġ sé ċum a ḃáis féin.


Ní ṫeigeoṁa olc ar biṫ ris a nionraic: aċt líonfuiġṫear an droċḋuine do ṫubaiste.


Asé dúil an duine a ċinéul: agus is féarr án duine boċt ná an bréagaċ.


Le huṁlaċt agus le heagla an TIĠEARNA, atáid saiḋḃrios, onóir, agus beaṫa.


A nuáir luiḋfios tú síos, ní ḃía eagla ort: fós, luiḋgiḋ tú síos, agus biáiḋ do ċoḋlaḋ sáiṁ.


¶ Aċt díḃse air a ḃfuil eagla manmasa éireoċuiḋ Grían a nionracuis maille ré leiġios iona sciaṫánuiḃ; agus raċfuiḋ siḃ amaċ, agus fásfuiḋ súas mar ġaṁnuiḃ an stalla.


Is beannuiġṫe an dream air a ḃfuíl ocras agus tart na córa: óir sáiseoċṫar iád.


Uime sin fúair an eagluis ar feaḋ ṫire Iúdaiġe agus na Galilé agus na Samária síoṫċain; ar mbeiṫ ḋóiḃ ar na dtogḃáil súas sa gcreideaṁ: agus ag siúḃal a neaglá Dé, agus do ḃádar ar na líonaḋ do ċoṁḟurtaċd an Spiorad Náoiṁ.


Agus atá a ḟios aguinn go gcoṁoibriġeann gaċ uile ní ċum maiṫeasa do na daóiniḃ ġráduiġeas Día, noċ atá ar na ngairm do reir a órduiġesion.


Oír as beag an tarḃa a dtéid an cleaċdaḋ corparrḋa: aċd is tarḃaċ an díaġaċd ċum na nuile neiṫeann, agá ḃfuil geallaḋ na beaṫa atá a laṫair, agus ċum teaċda.


Agus sáorfa an Tíġearna mé ó gaċ uíle ḋroċobair, agus coṁéudfuiḋ mé ċum a ríoġaċda neaṁḋa féin: glóir ḋósan go saóġal na sáoġal. Amén.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ