Agus do ċuáiḋ duine amaċ fán maċaire do ċnúasaċ luiḃionn, agus fuáir sé fíneaṁuin ḟíaḋuin, agus do ċruinniġ ḋe sin buinneáin lán a oċda, agus ṫainig agus do ġeárr íad a bpota na praisiġ: óir ní raiḃ a ḟios aca cred íad.
Agus tuilleaṁ fós, do ḃríġ go raiḃ an seanmóntuiġ glic, do ṁúin sé éolus do ġnáṫ don ṗobal; ṫug sé fós aire ṁaiṫ, agus do spíon sé amaċ, agus do ċuir móran seanḟocal a nórduġaḋ.
A nuáir ḃéid a ġéaga críon, brisfiġṫear amaċ íad: tiucfaid mná, agus cuirfid tré ṫeine íad: óir is daóine gau tuicsin ar biṫ íad: uimesin ní ḃí truáiġe ag an té do ċom íad dóiḃ, agus ní ṫaisbeanfa an té do ċrúṫaiġ íad faḃar ḋóiḃ.
¶ Ar a naḋḃarsin is marso a deir an Tiġearna DIA, Féuċ cuirfiḋ mé cloċ a Sion mar ḃunáit, cloċ ḋearḃṫa, cloċ ṁórluáiġ ċuáinne, bunáit ḋaingean: an té ċreidios ní ḋéana sé deiṫnios.
¶ Do scriosaḋ mo ḋáoine do ḋíṫ éoluis: do ḃríġ gur ṫarcuisniġ tú éolus, tarcuisneoċa misi ṫusa mar an ccéadna, ċor naċ biáiḋ tú ad ṡagart agum: ó ḋearmuid tú dliġeaḋ do Ḋé, dearmodfa misi mar an ccéadna do ċlannsa.