Agus freagóruiḋ an Rí agus a déara sé ríu, A deirim riḃ go fírinneaċ, An feaḋ do rinneaḃair é don duine is luġa do na dearḃráiṫreaċaiḃsi agumsa, go ndearnaḃair ḋaṁsa é.
Taḃruiḋ úaiḃ, agus do ḃéurṫar ḋáoiḃ; agus do ḃéuruid dáoine an ḃur nnċed, moisúr maiṫ, dingṫe, craiṫte agus ag dul ṫairis. Oír as lesi an miosúr an a dtoiṁéosdáoi, toiṁéosdar mar an gcéudna ḋáoiḃ.
¶ A nuáir ḃeanfas tú ṫfoġṁar ar an maċaire, agus ḋeirmeodus tú punnan annsa maċaire, ní raċa tú a rís ar a ċeann: biáiḋ sin ag an ccoiṁiṫeaċ, ag an ndílleaċda, agus ag an mbaintreaḃuiġ: ċor go mbéainneoċuiḋ do ṪIĠEARNA Día ṫú ann uile oibriġiḃ do láṁ.
Oír ní ḃfuil Día neaṁċoṁṫrom, go mbíaḋ dearmud aige ar ḃur nobair agus air ṡáoṫar ḃur ngráḋa, noċ do ḟoillsiġeaḃair ḋá ainm, sa miniondrálaċd do rinneaḃair, agus fós do ní siḃ do na náoṁuiḃ.