Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Seanraite 19:16 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

16 An té ċoiṁéadas a naiṫne coiṁéaduiġ sé a anam féin: aċt an té ṫarcuisniġios a ṡliġe éugfuiḋ sé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Seanraite 19:16
25 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Oír marḃuiḋ a nfearg an duine amadánta, agus marḃuiḋ an fuaṫ an duine éaittréoraċ.


Don luċt ċoiṁéudas a ċunnraḋ, don luċt ċuiṁniġios a aiṫeanta dá ndéanaṁ.


Giḋ bé ṫarcuisniġios an bríaṫar millfiġṫear é: aċt an té eagluiġios a naiṫne do ġeaḃa sé luáiġeaċt.


An té ḋíultas múnaḋ tarcuisniġiḋ sé anam féin: aċt an té uṁluiġios do smaċt do ġeiḃ sé tuigsi.


Ise sliġe ṁór a nfírein dealuġaḋ ris a nolc: an té ċoiṁéadas a ṡliġe cuṁduiġe sé a anam.


An té ṡeaċránuiġios as sliġe na tuigsiona anfaiḋ sé a ccoṁcuruinniuġaḋ na marḃ.


Giḋ bé ċongṁas a ḃéul agus a ṫeanga coiṁéaduiġ sé a anam ó ḃuáiḋreaḋ.


Bíd droiġne agus paintéir a sliġe a nanduine: an té ċoiṁéadas a anam bí sé a ḃfad úaṫa.


A náit naċ bí fis, sgriostar an pobal: aċt is beannuiġe, an té ċoiṁéadas an dliġeaḋ.


A ṁic, ná dearmaid mo ḋliġeaḋ; aċt coiṁéadaḋ do ċroiḋe maiṫeanta:


¶ Cluinmíd críoċ na cúise uile: Eagluiġ Día, agus coiṁéad a aiṫeanta: óir sé so iomlán an duine.


Giḋ bé ċoiṁlionas a naiṫne ní ṁoṫoċuiḋ sé droiċní ar biṫ: agus bí fios aimsire agus breiṫeaṁnuis ag croiḋe an duine ġlic.


Aċt daiṫin mé an ní so ḋíoḃ, ḋá ráḋ, Uṁluiġiḋ dom ġlór, agus buḋ misi ḃur Ndía, agus beiṫíse ḃur bpobal agamsa: agus siuḃluiġiḋ annsna huile ṡliġṫiḃ dar aiṫin mé, ċor go mbeiṫear go maiṫ aguiḃ.


Do ċúaluiḋ sé gúṫ an stuic, agus níor ġaḃ raḃaḋ; biáiḋ a ḟuil air féin. Aċd an té ġéuḃas raḃaḋ saorfuiḋ sé a anum.


Oír créd é a ṫarḃa do ḋuine, da ngnoḋuiġeaḋ sé an doṁan uile, agus a anam féin do leígean a muġa? No créd í an ṁalairt do ḃeuraḋ duine ar son anma féin.


Agus a duḃairt seision ris, As díreaċ do ḟreagair tú: déanasa so, agus maírfiḋ tú.


Agus a duḃairt seision, Aċd as beannaiġe an dream eisdeas briáṫar Dé, agus ċoiṁéudus é.


Más ionṁuin liḃ misi, coiṁéuduiḋ maiṫeanta.


Ní ḃfuil éifeaċd sa timċillġearraḋ, agus ní ḟuil éifeaċd sá neiṁṫimċillġearraḋ, aċd a gcoiṁéud aiṫeantaḋ Dé.


Agus gaċ ní ṡirmid, do ġeiḃmíd úaḋ é, do ḃríġ go gcoiṁéudamaóid a aiṫeanta, agus go ndéunamaóid na neiṫe ar a ḃfuile gean aige.


Oír a sé so gráḋ Dé, eaḋon sinne do ċoiṁéud a aiṫeantaḋ: agus ní ḃfuilid a aiṫeanta trom.


As beannuiġe an dream ċoiṁéudas a aiṫeanta, ionnus go mbíaḋ cumas ċrainn na beaṫa aca, agus cumas dul a steaċ trés na geataiḋiḃ don ċaṫruiġ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ