An TIĠEARNA Día niṁe, noċ tug misi ó ṫiġ maṫar agus ó ḋúṫuiġe mo ċiniḋ, agus noċ do laḃair rium, agus tug a ṁionna ḋaṁ ag ráḋ, Dod ṡíol do ḃeura mé an dúṫaiġsi; cuirfiḋ sé a aingeal roṁad, agus do ḃéura tú bean dom ṁac as sin.
Féuċ, is ullaṁ a nois mé an treas uáir ċum teaċd ċuguiḃ; agus fós ní ċuirfe me mó ṫrom oruiḃ: óir ní hí ḃur máoin íarruim, aċd siḃ féin: oír ní hair an gcloinn ata dfíaċuiḃ ionnṁus do ċruinniuġaḋ fá ċóṁair na naiṫreaċ, aċd ar an haiṫriḃ fá ċóṁair na cloinne.
Iseaḋ ḃías de sin, a nuáir do ḃéara sé sealḃ dá ṁacuiḃ don ní ḃías aige, naċ ḃféadfa céidġin do ḋéanaṁ do ṁac na mná ionṁuine roiṁe ṁac na mná neiṁionṁuine, noċ as é go deiṁin an ċéidġin:
¶ Mar sin do ġaḃ Iosua an tír uile, do réir a nuile ní dar laḃair an TIĠEARNA re Maóise; agus ṫug Iosua mar oiġreaċd do Israel é do réir a ronna iona ttreaḃuiḃ. Agus do sguir an dúiṫċe do ċogaḋ.
Anois do bé ainm an duine Nábal; agus ainm a ṁná Abigail: agus bá bean ḋeaġṫuigsionaċ í, agus sgíaṁaċ a ngnúis: áċd do ḃí an fear íargcúlta agus go holc iona ġníoṁarṫaiḃ; agus bá do ṫiġ Ċaleb é.