13 Is aḋḃar boċduine ḋá aṫair an mac leaṁ: agus is silt ṡiorruiḋe imreasuin na mná.
Caṫaid na huisceaḋa na cloċa: cuiriḋ tusa ar neiṁní na neiṫe ḟásas as criáiḋ na talṁan, díoḃáiġiḋ tú dóṫċus an duine.
Seanraiḋte Ṡoluiṁ. Do ní mac críonna aṫair sólásaċ: aċt sé an mac leaṁ duḃaċus a ṁáṫair.
Do ni mac críonna aṫair lúaṫġáireaċ: aċt tarcuisniġiḋ an duine leaṁ a ṁaṫair.
Graḋuiġ an ċara gaċ uile uáir, agus rugaḋ an dearḃráṫair a naġaiḋ buaiḋearṫa.
An té ġineas amadán do ní sé sin ċum a ḋoilġis féin: agus ní ḃí solás aig aṫair amadáin.
Is dóḃrón do naṫair mac oinṁideaċ, agus searḃus é don ṁnaói rug é.
Is fearr coṁnuiġe do ḋéanaṁ annsa ḃfásaċ, ná maille re mnaói ċeannairgiḋ ḟearguiḋ.
Is féarr áitreaḃ a ccoirnéul a núaċtar an tiġe, ná a ḃfoċair ḃairsiġe mná a dtiġ ḟairsing.
Is féarr áitreaḃ a ccoirnéul do ṁullaċ an tiġe, ná a ḃfoċair mná géire agus a ttiġ ḟairsing.
Is cosṁuil bean ċeannairgeaċ ré sírṡilt a ló móirḟearṫanna.