11 Cuiriḋ discréid duine a ḟearg air cáirde; agus isí a ġlóir míríaġuil do léigean ṫairis.
Naċ féarr Abána agus Parṗar, aiḃne Ḋamascus, ná a ḃfuil duisgeaḋuiḃ a Nisrael? naċ ḃféuduim ionnlaḋ ionta sin, agus ḃeiṫ glan? Marsin do ḟill sé agus dimṫiġ roiṁe a ḃfeirg.
Foillsiġiḋ aiṫriseaċ sgéul seicréidiġ: aċt an té agá mbí spiorad fírinneaċ ceiliḋ sé an taḋḃar.
Aiṫeantar air ball fearg a namadáin: aċt folċuiġ an duine críonna náire.
Bí tuigsi ṁor ag an té ḃíos mall ċum feirge: aċt an té ḃíos deiṫniosaċ a spioraid árduiġiḋ sé leiṁe.
Dúisgiḋ duine niṁneaċ súas ceannairg: aċt an té is mall ċum feirge laġduiġiḋ sé imreasuin.
Is féarr an té ḃíos mall ċum feirge ná an cuṁaċtaċ; agus an té ríaġlas a spiorad ná an té ġaḃus caṫair.
Bí tosaċ na ceannairge aṁail do léigfeaḋ duine uisge amaċ: uime sin léig ḋíot ceannairge, suil beansuiġṫear innte.
Ná habairsi, Cúiteoċuiḋ mé olc, aċt feiṫ air an DTIĠEARNA, agus táirṫeoċuiḋ sé ṫú.
Is onóir do ḋuine scur do ċeannairg: aċt biáiḋ gaċ áon amadán ag teagṁáil.
Má ḃíonn do náṁaid ocraċ, taḃair arán dó re iṫe; agus má ḃíonn tart air, taḃair uisge ḋó ré a ól:
Foillsiġ an tamadán a intinn uile: aċt congṁuiḋ an duine críonna a stiġ é nó go ttíg na ḋiáiġ sin.
Biġiḋ soċroiḋṫeaċ, trócaireaċ ḋá ċéile, ag taḃairt maiṫeaṁnuis uáiḃ, aṁuil tug Día mar an gcéudna maiṫeaṁnus dáoiḃse a Gcríosd.
Uime sin, a ḋearḃráíṫre gráḋaċa, bíoḋ gaċ áon ullaṁ ċum éisdeaċda, mall ċum laḃarṫa, mall ċum feirge: