Oír créd é a ṫarḃa do ḋuine, da ngnoḋuiġeaḋ sé an doṁan uile, agus a anam féin do leígean a muġa? No créd í an ṁalairt do ḃeuraḋ duine ar son anma féin.
Anois ar a naḋḃar sin bióḋ a ḟios agad agus meas cred ḋéanas tú; óir do cínneaḋ olc a naġaiḋ ar maiġistir, agus a naġaiḋ a ṫiġe uile: óir sé a leiṫeíd sin do ṁac do Ḃélial é, naċ ḃféadann duine laḃaírt ris.
Guiḋim ṫú, na tugaḋ mo ṫiġearna, toraḋ ar an té so do ṁuinntir Ḃélial, eaḋon Nábal: óir mar atá a ainm, is marsin atá sé feín; Nábal is ainm ḋó, agus leiṁe atá aige: aċd misi do ḃanóglaċ ní ḟaca mé ógánuiġ mo ṫiġearna noċ do ċuir tú úait.