9 An té fós ḃíos leasg iona obair is dearḃraṫair é don ṁillteóir ṁór.
Is dearḃraṫair do ḋragúnuiḃ mé, agus compánaċ do ullċaḃċánuiḃ.
An té ċumlas lé laiṁ ṁainneaċtnuiġ ṫig sé ċum boċtuine: aċd do ní láṁ an dúṫraċtaiġ sáiḋḃir.
Bíd bríaṫra an ċogarnuiġ aṁuil cneaḋa, agus tíaġaid síos a ḃfíríoċtar an ḃuilg.
Cuiriḋ a nfallsaċt a ccodlaḋ ṫrom; agus fuileonga an tanam díoṁaoin, ocras.
Giḋ be ṡladas a aṫair nó a ṁaṫair, agus a deir, Ní peacaḋ é; is compánaċ do ṡladuiġe an té sin.
Agus ar ḃfreagra ḋá ṫiġearna, a duḃairt sé ris, A ḋroiċṡearḃḟoġantuiḋe ḟallsa, do ḃí a ḟios agad go mbeanuimsi ann sa náit naċ ndearna mé siólċur, agus go gcruinniġim ann sa náiṫ nar leaṫnuiġ mé:
Ná bíġiḋ leisgeaṁuil a ngnoṫuiġiḃ; Bíġiḋ ar fiuċaḋ ann ḃur spioraid; ag déanaṁ seirḃísi don Tiġearna;
Ionnas náċ mbiáḋ siḃ lesgeaṁuil, aċd ḃur luċd leanṁana ag an druing agá ḃfuil oiġreaċd na ngeallaṁnaċ tré ċreideaṁ agus tré ḟoiġid.