8 Bíd bríaṫra an ċogarnuiġ aṁuil cneaḋa, agus tíaġaid síos a ḃfíríoċtar an ḃuilg.
Tionnsgnuiḋ do ṫeanga urċóid; aṁuil gérscían ḃéarrṫa, ag oibriuġaḋ go cealgaċ.
Bíḋ drong ann laḃras cosṁuil re sáiṫiḃ cloiḋiṁ: aċt is sláinte teanga a neagnuiḋe.
Síolċuiriḋ an duine ceannairgeaċ imreasuin: agus dealuiġiḋ an cogarnaċ na cáirde disle ó ċéile.
Isé a ḃéul aiḋṁilliḋ a namadain, agus a ṗuisine paintéur a anma fein.
An té fós ḃíos leasg iona obair is dearḃraṫair é don ṁillteóir ṁór.
¶ Ní imeoċuiḋ tú síos agus súas aṁuil scéaluiġe a measg do ḋáoine: ní mó ṡeasfas tú a naġaiḋ ḟola do ċoṁarsann: misi an TIĠEARNA.