7 Isé a ḃéul aiḋṁilliḋ a namadain, agus a ṗuisine paintéur a anma fein.
Ar son ċeann ndaóine noċ ṫimċiollas mé fá gcuáirt, folċaḋ tubaisde a mbéil féin íad.
Agus do ḃéaraid fa deara a tteanga féin tuitim orra: teiṫfiġ gaċ duine ċífios íad.
Do níd na daoine críonna stór éoluis: aċt is fogus béul a namadáin daiḋṁilleaḋ.
Glacfuiḋ an duine glic a ccroiḋe aiṫeanta ċuiġ: aċt tuitfiḋ an tamadán síorċainteaċ.
Gaḃṫar an droċḋuine a míolaḃairt a ḃéil: aċt tiucfaiḋ an fíréun amaċ as buáiḋreaḋ.
An té ċoiṁéadas a ḃéul coiṁéaduiġ sé a anam: aċt an té osclas a ṗnisíne go fairsing díoṫlaiṫriġṫear é.
Bí slat úaḃair a mbéul a namadáin: aċt dídeonuiġ puisíne an duine ġlic íad.
Is tobar fíoruisge ċum beaṫa an tuigsi don tí agá mbí sí: aċd is amadánaċt teagasg na namadán.
Bíd bríaṫra an ċogarnuiġ aṁuil cneaḋa, agus tíaġaid síos a ḃfíríoċtar an ḃuilg.
Géaḃuid a éaigcearta féin an ciontaċ, agus coinneoċṫar é lé córduiḃ a ṗeacaiḋ.
Atá tú ceangailte le briaṫraiḃ do ḃéil, atá tú gaḃṫa lé bríaṫraiḃ do ḃéil.
Agus tárla, a nuáir do ċonnairc sé í, gur réub sé a éadaċ, agus go nduḃairt sé, Uċ, a inġean! do ḃrúiġ tú síos mé, agus is áon don droing ḃuaiḋrios mé ṫú: óir dfoscuil mé mo ḃéul don TIĠEARNA, agus ní ḟéaduím dul air mais.