6 Téid puisíniġ a namadáin a ceannairg, agus goiriḋ a ḃéul air ḃuilleaḋuiḃ.
Aiṫeantar air ball fearg a namadáin: aċt folċuiġ an duine críonna náire.
As úaḃar aṁáin ṫig an ċeannairg: aċt bí eagna ag na daóiniḃ deaġ-ċoṁairleaċa.
Eagluiġiḋ an duine críonna, agus dealuiġiḋ ó nolc: aċ cuṫaiġiḋ an tamadán, agus bíḋ sé dóṫċusaċ.
Bí slat úaḃair a mbéul a namadáin: aċt dídeonuiġ puisíne an duine ġlic íad.
Bí tosaċ na ceannairge aṁail do léigfeaḋ duine uisge amaċ: uime sin léig ḋíot ceannairge, suil beansuiġṫear innte.
Fuileonguiḋ fear na móirḟeirge pionús: óir má ṫártuiġionn tú é, caiṫfé tú a ḋéanaṁ a rís.
Atá breiṫeaṁnus ullaṁ fá ċoṁair na dtarcuísneaċ, agus scíursaḋa do ḋruim na namadán.
Is onóir do ḋuine scur do ċeannairg: aċt biáiḋ gaċ áon amadán ag teagṁáil.
Teilg amaċ an tarcuisneaċ, agus raċaiḋ an ceannairg amaċ; scuirfiḋ fós, an timreasan agus an ṁasla.
Is féarr áitreaḃ a ccoirnéul do ṁullaċ an tiġe, ná a ḃfoċair mná géire agus a ttiġ ḟairsing.
Is trom an ċloċ, agus bí an gaineaṁ muiriġineaċ; aċt is truime fearg amadáin ná íad aráon.
Má ní duine críonna imreasan ré hamadán, má ḃionn sé ar buile nó ag gaire, ní ḃí suáiṁnios ann.