Ca ṁéad ní is luġa ris an té naċ ccuirionn suim a bpearsannuiḃ na bprionnsaḋ, agus naċ measann an saiḋḃir ní is mó na an boċd? óir is íad uile oibreaċ a láṁ.
Agus do filleaḋ breiṫeaṁnus ar ccúl uáinn, agus seasuiḋ an ceart a ḃfad uáinn: óir do ṫuit a nfírinne annsa tsráid, agus ní ḟéadann an ċóir dul a steaċ.
¶ Ní ḋéantáoi éacceart a mbreiṫeaṁas: ní ṁeasfuiḋ tú pearsa an ḃoiċd, agus ní onórfuiġ tu pearsa an ċuṁaċduiġ: a ḃfíreantaċd do ḋéana tú breiṫeaṁnus ar do ċoṁarsain.
Eistiġ so, íarruim daṫċuinge oruiḃ siḃsi cinn ṫiġe Iácob, agus prionnsaḋa ṫiġe Israel, ġráineas re breiṫeaṁnus, agus ċuirios a nuile ċeart bun ós cionn.
¶ Ċor go ndéanuid olc leis an dá láiṁ go diṫċiollaċ, íarruiḋ an prionnsa agus an breiṫioṁ tioḋlacaḋ; agus foillsiġiḋ an duine mór a ṫoil urċóideaċ: marsin fillid súas é.
Ar a naḋḃarsin cuirid síad a ndeisciobuil féin ċuige maille ré muinntir Iorúaiṫ, ag ráḋ, A ṁaiġisdir, a tá a ḟios aguinn gur ab duine fírinneaċ ṫusa, agus go dteagasgann tú slíġe De go fírinneaċ, agus naċ ḃfuil cás agad a náonnduine: óir ní ḟéaċann tú do ṗearsain na ndáoine.
Ní ḋéana tú coiṁéigneaḋ breiṫeaṁnuis; ní ṫiuḃra tú meas ar péarsuinniḃ seaċ a ċéile, agus ní ġéuḃa tú cuṁa: óir dalluiġ an ċuṁa súile na ndaóine eagnuiġe, agus aiḋṁilliḋ briaṫra na ḃfíréan.