Aċd giḋ bé neaċ íḃeas as an uisge do ḃéura misi ḋó ní ḃía tart air go bráṫ; aċd an tuisge do ḃéara me ḋó bíaiḋ sé na ṫobar uisge ḟiuċaiġ ann ċum na beaṫa marrṫannuiġe.
Bíoḋ bríaṫar Ċríosd na coṁnuide ionnuiḃ go saiḋḃir sa nuile éagna; dá ḃur múnaḋ agus dá ḃur dteagasg féin a salmuiḃ agus a ḃfonnuiḃ molta Dé, agus a gcainticiḃ sbioradálta ag déunaṁ ceóil don Tíġearna ann ḃur gcroiḋṫiḃ maillé ré gean.