Agus du ċonnairc Ióseṗ a ḋearḃráiṫre, agus do aiṫin íad, aċ do ċonnaiṁ é féin úaṫa, agus dó laḃair go garḃ ríu: agus a duḃairt ríu, cáit as a ttangaḃairsi? Agus a duḃradarsan, as tir Ċánaain, do ċeannaċ bíḋ.
Agus a duḃairt Ṗárao, Cía hé an TIĠEARNA da nuṁloċuinnsi ḋá ġlór, as a léigfinn Israel dimṫeaċd? ni haiṫnid daṁsa an TIĠEARNA sin agus ní mó léigfeas mé Israel dimṫeaċd.
Fúaṫuiġid uile ḋearḃráiṫre an ḃoiċt é: cá ṁéad nísa ṁó ná sin ṫíaġaid a ċáirde uile a ḃfad uáḋ? leanuiḋ sé íad lé briaṫraiḃ, giḋeaḋ bíd síad do ḋíṫ air.
Oír is íad mo láṁa féin do rinne gaċ aoin ní ḋioḃsin, agus do ḃádar na neiṫesin uile, a deir an TIĠEARNA: aċt is don tí so ḟéuċfus misi, eaḋon don tí atá boċt agus brúiġte a spioraid, agus ċrioṫnuiġios rem ḃreíṫir.
Agus go mbiáiḋ féuċain aguiḃ don tí ar a mbí an téudaċ lonnraċ, agus go naibéora siḃ ris, Suiġse sa nionad onóraċsa; agus go naibéora siḃ ris an duine boċd, Seasaiṁse ann sin ṫall, no suíġ ann so faói sdol mo ċos:
Agus a duḃairt sí, Guiḋim ṫú, léig ḋaṁ déasa do ḋioġluim agus do ṫionól a ndiaiġ na meiṫle a measc na bpunann: mar sin do ṫáinic sí, agus dfan ó ṁaidin gus a nois, aċd gur ḟan sí tamall beag annsa tiġ.
Agus tiucfaiḋ a ccríċ, gaċ uile ḋuine dá ḃfuigfiġear ann do ṫiġsi, go ttiucfa agus go ccromfuiġ ċuige ar son ṗíosa airgid agus greama arám, agus déara sé, Guiḋim ṫú, cuir misi, a noifig éigin ḃeanas ris an tsagartaċd, go ḃféada mé greim aráin iṫe.
¶ Agus do ḟreagair Nábal searḃísiġ Ḋáiḃi, agus a duḃairt, Cía hé Dáiḃi féin? agus cía hé mac Iesse? bíd mórán searḃḟoġantuiġ ar a naimsirsi ḃrisios amaċ gaċ éanduine aca óna ṁaiġistir.
Anois ar a naḋḃar sin bióḋ a ḟios agad agus meas cred ḋéanas tú; óir do cínneaḋ olc a naġaiḋ ar maiġistir, agus a naġaiḋ a ṫiġe uile: óir sé a leiṫeíd sin do ṁac do Ḃélial é, naċ ḃféadann duine laḃaírt ris.