2 Ni ḃí dúil ag amádan a ttuigsi, aċt aṁáin go ḃfoillsiuġaḋ a ċroiḋe é féin.
Gá fad, a ḋaóine simpliḋe, ġráiḋeoċtaoi simpliḋeaċt? agus ḃías dúil ag na tarcuisneaċaiḃ iona ttarcuisne, agus fúaṫoċuid amadáin a neagna?
Asé eagla an TIĠEARNA tosaċ a néoluis: aċt dísbeaguid na hamadáin eagna agus teagasg.
Ceiliḋ an duine glic éolus: aċt fúagraiḋ croiḋe na namadán amadánaċt.
Do ní gaċ uile ḋuine glic a ġnoṫuiġe re héolus: aċt léigiḋ an tamadán a leiṁe ris ós áird.
Cred as a ḃfuil lúaċ a láiṁ amadáin dfaġáil gliocuis, ó ṫárla gan ċroiḋe ḋo é?
A nuáir ṫig an ciontaċ, annsin ṫig tarcuisne, agus lé míoċlú an scannail.
A núair fós, ṡiuḃluiġios an té ḃíos ná óinṁid annsa tsliġe, cailliġ a eagna air, agus a deir sé ré gaċ áon gurab amadán é.
Agus, Féuċ, do ċúaiḋ an ċaṫair uile a maċ do ṫeagṁáil air Iósa: agus an tan do ċunncadar é, do iarradar air imṫeaċd as a ttórannaiḃ.
As mar sin siḃse, mar an gcéadna, do ḃriġ go sanntuiġeann siḃ neiṫe sbioradálta, íarraiḋ bárr do ḃreiṫ ċum follamnuiġṫe na heagluisi.
Tuilleaḋ eíle a dtáoḃ na neiṫeann ioḋbarṫar dioḋaluiḃ, atá a ḟios aguinn go ḃfuil éolus aguinn uile. Arduiġe an teólus inntínn ḋuine, aċd do ní an gráḋ follamnuġaḋ.
Do ní dream áiriġe go ḋearḃṫa Críosd do ṡeanmóruġaḋ tré ṫnúṫ agus tre ċonsbóid; agus dream eile tré ḋeaġṫoil: