Agus abruiḋsi ós a ċionn sin, Féuċ, atá do ṡerḃíseaċ Iácob ar ndíaiġ. Oir a duḃairt, Ceinnseoċuiḋ mé é leis an mbronntanas raċas roṁam, agus na ḋiáiġ sin do ċífe mé a ġnúis; do bféidir go ngéuḃaḋ sé mo ġnúis ċuige.
Agus a duḃairt Iácob, Ní heaḋ, guiḋim ṫú, má fuáir mé a nois grása ad raḋarc, ann sin glac mo ḃronntanas as mo láiṁ: oir is uime sin do ċonnairc mé do ġnuis aṁuil mar do ċífinn gnúis Dé, gus do ṫaitin mé riot.
Agus a duḃairt Israél a naṫair ríu, Más éigion a ḃeiṫ mar sin a nois, déanuiġ so; beiriġ liḃ na tórrṫa is féarr sa tír ann ḃur soiṫiġiḃ, agus beiriḋ síos ċum a nóglaoiċ tioḋlacaḋ, beagán balma, agus beagán meala, spíosra, agus miorr, cnó, agus almoinne:
Agus a duḃairt ríġ na Síria, Gluáis, imṫiġ roṁad, agus cuirfiḋ misi litir ċum ríġ Israel. Agus do ġluáis seision, agus rug leis deiċ ttallunna airgid, agus sé ṁíle píosa óir, agus deiċ naṫarruiġ éaduiġ.