Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Seanraite 18:14 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

14 Iomċoruiḋ spiorad an duine a laige; aċt cía ḟéadas spiorad cneaḋaċ diomċar?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Seanraite 18:14
26 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Oír atáid soiġde a nuile‐ċuṁaċduiġ ionnam a stiġ, iḃiġ a niṁsin mo spiorad súas: cuirid crioṫnuiġṫe Dé íad féin a nórduġaḋ am aġuiḋ.


Oir is buáiḋearṫa easḃuiḋeaċ mé, agus atá mo ċroiḋe créaċdnuiġṫe ionnam a stiġ.


Leiġiosuiġ an briste a ccroiḋe, agus ceangluiġ súas a ndoilġiosa.


Tre ġuṫ na náṁad, tre ainleatrom na bpeacaċ: óir do ḃeirid urċóid orum, agus fuaṫiġid mé a ndíḃḟeirg,


Atá eagla agus crioṫnuġaḋ ar tteaċd orum, agus dfoluiġ úaṫḃás mé.


Agus do laḃair Maóise mar sin lé cloinn Israel: agus níor éisdeadar ré Maóise, tré ċráḋ spioraide, agus tre ḋaoir i roiġéir.


Do ní ċroiḋe súgaċ gnúis ṡuilḃir: aċt lé dóḃrón an ċroiḋe bristear an spiorad.


Foġnuiḋ croiḋe súgaċ aṁuil leiġios: aċt tiormuiġiḋ spiorad briste na cnáṁa.


Oír a sé so ar ngáirdeaċaisne, fíaḋnuisi ar ccoinnsiáis, gur a neaṁurċóid agus a ḃfíorġloine ḋíaḋa, agus naċ a ngliocas colluiḋe, aċd maille ré grás Dé, do ḃí ar gcoinḃearsáid sa tsáoġal, agus go mórṁór eadruiḃsi.


Ionnus a nois contrárrḋa ḋó sin gur córa ḋíḃ maiṫeaṁnus do ṫaḃairt dó, agus sólás do ċur air, deagla go sluigfiḋe súas é lé hiomarcuiḋ doilġís.


A ḋearḃráiṫre, measuiḋ na ró ġáirdeaċas an tan ṫuitfeas siḃ a gcaiṫiġṫiḃ éugsaṁla;


An ní ann a ḃfuil siḃse ag déunaṁ gáirdeaċais, bíoḋ go ḃfuil siḃ a nois ré sealad, má atá na riaċdanus, fá ṫuirse a gcaṫuiġṫiḃ éugsaṁla:


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ