Agus anois, a ṪIĠEARNA mo Ḋía, do rinne tú ríġ dot ṡearḃḟoġantuiġ a náit Ḋaiḃi maṫar: agus misi am leanaṁ ḃeag: ní ḟeadair me cionnus do raċuinn amaċ nó do ṫiocfuinn a steaċ.
A ṁic an duine, abair re prionnsa Ṫírus, Is marso a deir an Tiġearna DIA; Do ḃríġ gur tógḃaḋ súas do ċroiḋe, agus go nduḃairt tú, Is Día misi, suiġim a nionad Dé, a lár na ḃfairgeaḋ; giḋeaḋ is duine ṫú, agus ní Día, gioḋ go suiġionn tú do ċroiḋe aṁuil croiḋe Dé.
Agus biáiḋ críoċ na Hégipte áonránaċ agus bán; agus aiṫeonuid gur misi an TIĠEARNA: do ḃríġ go nduḃairt sé, Is liomsa a naḃuinn, agus is mé do rinne é.
¶ Agus an feaḋ do ḃí mé ag laḃairt, agus ag guiḋe, agus ag adṁáil mo ṗeacuiġ agus peacaḋ mo ṗobail Israel, agus ag cur mo ġearáin a laṫair an TIĠEARNA mo Ḋía ar son ṡléiḃe náoṁṫa mo Ḋé;
A ttosaċ híarratuis ṫáinic a náiṫna amaċ, agus atáimsi ar tteaċd dá ṫaisbeanaḋ ḋuitsi; óir áta tú ar do ġráḋuġaḋ go ro ṁór: uimesin tuig an taḋḃar, agus meas a nfis.
Mar an gcéudna, a ḋaóine óga, tuguiḋ úṁlaḋ do na sinnsearuiḃ. Agus bíġiḋ uile úṁal dá ċéile, déunuiḋ siḃ féin deaġṁaiseaċ don táoḃ a stiġ ó úṁlaċd inntinne: óir cuiriḋ Día a naġuiḋ na nuáiḃreaċ agus do ḃeir grása do núṁal.