Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Seanraite 17:7 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

7 Ní hiomċuḃaiḋ damadán glór dearsgnuiġ: is luġa ná sin puisiniġ bréagaċa do ṗrionnsa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Seanraite 17:7
15 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

A duḃairt Día Israel, do laḃair Carruig Israel riomsa, Caiṫfiḋ an té ríaġlas ós cionn daóine ḃeiṫ ceart, ag ríaġlaḋ an neagla De.


Fós, is dearḃ naċ déana Día go holc, ní mó ṁillfios an Tuileċuṁaċtaċ breiṫeaṁnus.


Déantar pussa na mbréug balḃ; noċ laḃrus neiṫe géura a naġaiḋ na ḃfíréun re húaḃar agus re tarcuisne.


Daingneoċṫar béul na fírinne go bráṫ: aċt ní ḃí an teanga ḃréugaċ aċt air feaḋ móimeinte.


Is aḋḟúaṫṁaireaċt don TIĠEARNA na béil ḃréagaċa: aċt is íad an drong ḋéanas go fírinneaċ a ḋúil.


Ní hiomċuḃaiḋ áoiḃneas damadán; is luġa ná sin do ṡeirḃíseaċ riaġlaḋ os cionn ṗrionnsaḋ.


Is ro árd a neagna do namadán: ní osclann sé a ḃéul annsa ġeata.


Mar ṡneaċta san tsaṁraḋ, agus mar ḟearṫuinn san ḃfoġṁar, marsin ní hiomċuḃuiḋ onóir damadan.


Ní ḃíd cosa a ḃacaiḋ ionann: marsin do ċosaṁlaċt a mbéul na namádan.


Má éistionn úaċtarán ré bréagaiḃ, bíd a ṡeirḃísiġ uile go holc.


Féuċuin uaiḃreaċ, teanga ḃréagaċ, agus láṁa ḋóirtios fuil neiṁċiontaċ,


A ḟir an ḟúarċráḃaiḋ, bean an tsail ar tús as do ṡúil féin; agus an sin buḋ léir ḋuit an broṫ do ḃáin as súil do ḋearḃraṫar.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ