Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Seanraite 17:3 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 Pota a naṫġlanta ċum a nairgid, agus a nfoirnís ċum a nóir: aċt isé an TIĠEARNA spíanus na croiḋṫe.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Seanraite 17:3
21 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Atá a ḟios agam mar an gcéadna, ó mo Ḋía, go ḃféaċann tusa an croiḋe, agus go ḃfuil sólás agad annsa ḃfíréantaċd. Ar mo ṡonsa, a nionnracus mo ċroiḋe dofráil mé na neiṫesi uile go toileaṁuil: agus do ċonnuirc mé anois maille re gáirdeaċus do ṗobal, noċ atá a laṫair annso, ag ofráil go toileaṁuil duitsi.


Aċt atá fios na sliġeaḋ a ngaḃuim aige: a nuáir ḋeirḃeoċus sé mé, tiucfaiḋ mé amaċ aṁail ór.


Is deiṁin go ḃfuil míanaċ ag a nairgiod, agus áit ag a nór mar a leaġaid síad é.


Cúartuiġ mé, a Ḋé, agus tuig mo ċroiḋe: teastuiḋ me, agus tuig mo smuáintiġe:


Spíon mé, a ṪIĠEARNA, agus teastuiḋ mé; indearḃ mo ḋuḃáin agus mo ċroiḋe.


Oír do ḋearḃuiḋ tú sinn, a Ḋé: do ṫeastuiḋ tú sinn, do réir ṫéastuiġṫe a nairgid.


Atá ifrionn agus dioṫlaiṫriuġaḋ as coinne an TIĠEARNA: maiseaḋ ca ṁéid ní is mó ná sin atáid croiḋṫe ċloinne na ndaóine?


Bíd uile ṡliġṫe an duine glan iona ṡúiliḃ féin; aċt coṁṫromuiġ an TIĠEARNA na spioraid.


Bíaiḋ ríaġuil ag an tseirḃíseaċ ċrionna ós cionn an ṁic ṫuillios náire, agus biáiḋ cuid do noiġreaċt aige a measg na ndearḃráiṫreaċ.


Is díreaċ uile ṡliġe an duine iona ṡúiliḃ féin: aċt measuiḋ an TIĠEARNA na croiḋṫe.


Mar ḃíos an pota glanta do nairgiod, agus a nfoirnís do nór; is mairsin ḃios an duine dá ṁolaḋ.


Féuċ, do aṫġlan mé ṫú, aċt ní le hairgiod; do ṫoġ mé ṫú a ḃfuirnéis na buáiḋearṫa.


Misi an TIĠEARNA scrúduim an croiḋe, dearḃuim na duḃáin, eaḋon do ṫaḃairt dá gaċ uile ḋuine do réir a ṡliġṫeaċ, agus do réir toruiḋ a ġníoṁ.


A ṁic an duine, atá tiġ Israel ḋaṁsa aṁuil sal: atáid uile na bprás, na stán, agus na níarann, agus na luáiġe, a meaḋón na fuirníse; ní ḃfuil ionnta aċt sal airgid.


Agus tuitfiḋ cuid don druing ṫuigsionaiġ, dá ndearḃaḋ, dá nglanaḋ, agus dá ndéanaṁ geal, eaḋon go haimsir an deiriḋ: do ḃríġ go ḃfuil sin fós ċum aimsire cinte.


Agus do ḃéara mé an treas cuid ṫríd an tteine, agus aṫġlanfa mé íad mar aṫġlantar an tairgiod, agus dearḃoċa mé íad mar ḋearḃṫar an tór: goirfid siad ar mainm, agus éistfiḋ mé riú: déara mé, Is íadsa mo ṗobal; a déaruid síadsan, Isé an TIĠEARNA mo Ḋía.


Noċ do ḃeaṫuiġ ṫú san ḃfásaċ lé manna, naċ ar ḃfeas dot aiṫriḃ, ċor go nuiṁleoċaḋ sé ṫú, agus go ndearḃoċaḋ sé ṫú, do ḋéanaṁ maiṫeasa ḋuit ann daimsir ḋeiġionuiġ;)


Agus cuiṁneoċa tú na sliġṫe uile ionar ṫréoruiġ an TIĠEARNA do Ḋía ṫú anois re ḋá ḟiċṫid ḃlíaḋan san ḃfásaċ, dot ḋéanaṁ uṁul, agus dot ḋearḃaḋ, dfaġáil feasa cread do ḃí ann do ċroiḋe, an gcoiṁéoltá a aiṫeanta, nó naċ déantá.


Ionnus go ḃfuiġṫiġ dearḃaḋ ḃur gcreidiṁ, is rouáisle na ór ṫéid air neiṁní, bíoḋ go ndearḃṫar é lé teine, na ṁolaḋ agus na onóir agus na ġlóir an tan ḟoillseóċas Iósa Críosd é féin:


Agus sgriosfa mé a clann ris an mbás; agus tuigfid na heagluiseaċa uíle gur misi sgrúduiġeóir na nduḃán agus na gcroiḋṫeaċ: agus do ḃéur dá gaċ áon aguiḃse réir ḃur ngníoṁarṫaḋ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ